91¸ŁŔűÉç

Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 7

7. Fuarann grá go grod.
Tá brón orm nach raibh mé ag caint leat le tamall. Bhí mé gnóthach. Thosaigh mé ar an tionscnamh sin, ar roicéad a thógáil. Ná bí ag déanamh gáire. Is féidir é a dhéanamh; is féidir spásárthach a thógáil. Níl sé chomh deacair sin. Tá an t-eolas le fáil. Tá an t-ábhar le fáil. Níl i gceist ach ullmhúchán a dhéanamh agus gach aon rud a thógáil go réidh. De réir a chéile a thógtar na caisleáin, a deirtear.

Agus thóg na Normannaigh agus daoine nárbh iad, thóg siadsan caisleáin agus nach bhfuil talamh an domhain breac le caisleáin? Tá caisleáin mhóra le feiceáil gach aon áit ar domhan. Daoine a thóg na caisleáin sin, lena lámha féin. Thóg daoine Balla Mór na Síne agus thóg siad droichid agus thóg siad iarnróid agus thóg siad bóithre móra fada...is thóg siad caisleáin...de réir a chéile.

Bhuel, tá mise ag tógáil roicéid...de réir a chéile. Sin é an fáth nach raibh mé ag caint leat le tamall beag. Bhí rudaí eile ar m’aird. Tá brón orm faoi sin. Ní raibh mé ag iarraidh bheith drochmhúinte. Tá mé mór le gach duine a éisteann liom ar an suíomh seo. Is mór liom do chuideachta. Ach bhí rudaí eile idir lámha agam. Rudaí eile? Sea, bhí rudaí eile idir lámha agam.

CĂşrsaĂ­ croĂ­. Sea, bĂ­onn croĂ­ ag eolaĂ­ fĂ©in. Mise agus mo ghrá geal. Hmm… NĂ­l gach aon rud socair faoi láthair eadrainn. Tá mĂ© doirte di. ShĂ­l mĂ© go raibh sise doirte domsa. BhĂ­, gan amhras, bhĂ­ sĂ­ doirte dom. Tá sĂ­ doirte dom go fĂłill. Tá mĂ© cinnte go bhfuil. Tá muid ag siĂşl amach le tamall mĂłr fada anois. Chuir mĂ© aithne uirthi nuair a bhĂ­ muid ar an ollscoil. Ba Ă­ mo ghrá geal Ă­. Is Ă­ mo ghrá geal Ă­. DĂşirt sĂ­ liom go raibh mĂ© ag caitheamh barraĂ­ocht ama ag plĂ© le cĂşrsaĂ­ timpeallachta. DĂşirt sĂ­ liom le dĂ©anaĂ­ go raibh mĂ© rĂłdháirĂ­re. RĂłdháirĂ­re! Is gnĂł dáirĂ­re Ă© seo, a dĂşirt mĂ© lĂ©i. Chroith sĂ­ a guaillĂ­. “Ach bĂ­onn tĂş ag caint air seo i gcĂłnaĂ­,” a dĂşirt sĂ­. “NĂ­ bhĂ­onn ar d’aird agat ach an cheist seo.”

Bhain an méid a dúirt sí preab asam. Ní raibh mé ag súil leis. Ghortaigh a cuid cainte mé. “Bhuel, cad é a ba mhaith leatsa a dhéanamh?” a d’fhiafraigh mé di. “Ba mhaith liom dul amach. Ba mhaith liom dul amach le haghaidh dinnéir. Ba mhaith liom dul amach ag damhsa. Ba mhaith liom dul amach go dtí an phictiúrlann. Ba mhaith liom rud ar bith eile a dhéanamh ach bheith ag plé leis an spásárthach seo.”

Chaith sí an leabhar a bhí á léamh aici ar an talamh agus d’imigh sí léi. Scairt mé ina diaidh ach níor éist sí liom. Níor fhreagair sí a guthán ó shin. Beidh gach aon rud i gceart. Tá mé cinnte go mbeidh gach aon rud i gceart. Fuarann grá go grod. Ach ní sa chás seo. Beidh gach aon rud i gceart. Tá mé cinnte go mbeidh gach aon rud i gceart. B’fhéidir go raibh mé ródháiríre. Ach is gnó dáiríre é seo!

Agus an obair féin? Bhuel, tá an obair ag dul go maith. Tá mórán píosaí bailithe agam. Tá mé ag tógáil liom. Tá mé ag foghlaim. Níl an spásárthach réidh go fóill ach tá sé ag teacht ar aghaidh go breá. Tá cuma níos fearr ar chúrsaí ná mar a bhí roimhe seo. Níor chaill mé mo mhisneach. Níl lionn dubh orm faoi chúrsaí. De réir a chéile a thógtar na caisleáin. Beidh mé ag caint leat go luath. Beidh mé ag caint leat san oíche amárach. M’anam le Dia go mbeidh mé ag caint leat san oíche amárach.

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 7'