91¸ŁŔűÉç

Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 4

4. Loisc sĂ­ a gual agus nĂ­ dhearna sĂ­ a goradh
Tá an domhan seo go hálainn. Tá an pláinéad seo gan sárú. Tá mé ag caint leat inniu agus tá an solas ar snámh ar an chuan os mo chomhair. Tá an ghrian sa spéir. Tá an ghrian sna harda. Tá grá ag an ghrian dúinn. Tá an ghrian grámhar inniu. Tá an solas ar snámh ar an uisce. Tá an solas ar snámh ar na tonnta. Tá an ghrian ag damhsa ar uisce. Nach bhfuil an domhan seo go hálainn? Caithfidh mé a rá go bhfuil an pláinéad seo gan sárú.

Tá éin an aeir ag ceiliúradh. Tá an ghrian ag damhsa ar talamh agus ar muir. Tá na héin ag ceiliúradh leis an ghrian. Tá fáinleog os mo chomhair agus mé ag caint leat. Tá cuid mhór fáinleog os mo chomhair agus mé ag caint leat. Tagann siad anseo gach samhradh. Tagann siad anseo gach samhradh as an Afraic. Tagann siad trasna na farraige gach samhradh. Tagann siad trasna na tíre gach samhradh. Tagann siad anseo agus cónaíonn siad inár measc. Ní chuireann muid cosc ar na heachtrannaigh seo. A mhalairt. Cuireann muid fáilte roimh na cuairteoirí seo ón Afraic. Bíonn muid ar bís ag fanacht leo. Ní samhradh go fáinleog na hAfraice! Ní samhradh go héin na hAfraice!

Is Ă©an beag Ă­ an fháinleog ach is Ă©an crĂłga Ă­. Tagann sĂ­ trasna na farraige gach aon samhradh. Tagann sĂ­ trasna na tĂ­re gach aon samhradh. BĂ­onn contĂşirt ann...nĂ­l an turas gan chontĂşirt, ceart go leor. Scaoileann daoine an fháinleog. Chonaic mĂ© Ă© le mo shĂşile fĂ©in. Chonaic mĂ© gunnadĂłirĂ­ ag scaoileadh suas sa spĂ©ir. Chonaic mĂ© fáinleoga ag titim anuas as an spĂ©ir. Radharc truacánta a bhĂ­ ann. Radharc mĂ­thrĂłcaireach a bhĂ­ ann. ‘SpĂłrt’ a thug na daoine áitiĂşla air. SpĂłrt! NĂ­ raibh aird ar bith acu ar na fáinleoga. Is ionann fáinleog agus cuileog acu sin. Ach chuir an radharc fearg orm. Chuir an radharc eagla orm fosta. NĂ­ samhradh go fáinleog. Má mharaĂ­onn na gunnadĂłirĂ­ na fáinleoga uilig, maraĂ­onn siad an samhradh.

Ach níor éirigh leo na fáinleoga uilig a mharú. Tá fáinleoga os mo chomhair agus mé ag caint leat. Tá fáinleog ag damhsa sa spéir. Tá fáinleoga ag damhsa leis an solas. Tá siad ag damhsa leis an ghrian. Tá siad ag ithe. Tá siad ag ithe na gcuileog. Filleann siad ar na neadanna gach aon samhradh. Itheann siad. Tógann siad a gcuid scallamán agus filleann siad ar an Afraic. Ní stadann na gunnadóirí iad. Ní chuireann na gunnadóirí cosc orthu. Tagann siad chugainn. Cónaíonn siad inár measc. Tógann siad scallamán agus filleann siad abhaile. Is iad atá cróga. Ní chloínn ocras ná gunna iad.

Molaim an fháinleog. Bí thusa i d’fháinleog. Ná cuireadh rud ar bith eagla ort. Tá turas mór fada againne. Tá feachtas mór fada romhainn. Caithfidh muid oiliúint a chur ar dhaoine faoi na contúirtí atá romhainn. Ach is féidir linn é a dhéanamh. Tá nath ag na seanfhondúirí anseo: “Loisc sí a gual agus ní dhearna sí a goradh.” Ciallaíonn sé sin go gcuireann tú do chuid acmhainní ar fad amú agus nach bhfaigheann tú rud ar bith ar ais. Ní hamhlaidh don fháinleog é. Níor loisc sí a gual agus rinne sí a goradh arís i mbliana. Bíodh an fháinleog bheag chróga mar shiombail againn. Leanaimis bealach na fáinleoige agus beidh muid i gceart. Tá an domhan seo go hálainn. Tá an pláinéad seo gan sárú, dar liom.

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 4'